Tá seachtain na Gaeilge ar siúl i Scoil an Teaghlaigh Naofa faoi láthair. Tá a lán eachtraí eagraithe i rith na seachtaine – Tráth na gCeist, Comortás Ealaíne, Céilí, Lá Glas, Ciorcal Comhrá agus Comórtas na Seamrógaí. Scríobhann rang a cúig an nuacht gach lá. Ansin éisteann na páistí eile leis an nuacht, léite thar an t-idirchum ag páistí ó rang a 5.
Dé Máirt, bhí ceolchoirm sa halla. Bhí banna ceoil Mr. Gormly ag seinm uirlisí ceoil agus ag canadh amhráin. Bhí siad go hiontach ar fad. Ansin, thaispeáin damhsóirí na scoile rince Gaelach iontach dúinn. Bhí Ms. Halpin ag obair go dian leo. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt sa cheolchoirm. Bhaineamar an-taitneamh as an lá.