Seachtain na Gaeilge 2022

Bhí Seachtain na Gaeilge againn idir 7ú – 15ú lá de Mhí Márta.  Bhí tomhas ar an idirchum gach lá agus bhí duais shimplí bronnta ag na daltaí a réitigh iad.  Chuir rang a sé díolachán cácaí ar siúl.  Thug sé seans do na daltaí frasaí Gaeilge a úsáid go nádúrtha.  Fuair siad €2,600 le haghaidh Unicef agus páistí i An Úcráin.  Bhain gach duine taitneamh as an gComórtas na Doirse.  Bhí sé bunaithe ar an dtéama – ‘seanfhocail’.  In áit lá glas, bhí cead ag na daltaí a gcuid éadaí féin a chaitheamh lá amháin.  Bhí orthu cur síos a dhéanamh ar na héadaí a bhí á caitheamh acu. Bhí tionól againn agus bhí Tráth na gCeist idir na ranganna.  Spreag na múinteoirí atmaisféar Gaelach i rith na seachtaine.  D’imir na daltaí cluichí teanga, chan siad amháin gaelach agus d’fhoghlaim siad damhsaí freisin.  Bhaineamar an-taitneamh as an tseachtain.